Coillte

Athbhreithniú Airgeadais

TorthaÁ

Thit láimhdeachas an Ghrúpa faoi €42.6m (17.1%) le linn 2009 go €206.9m, go prÁomha de bharr na timpeallachta trádála deacra san earnáil thógála a chruthaigh titim ghéar san éileamh do lomáin agus painéil adhmaid. Tharla titim i bpraghas na lomán cé go raibh ardú 5% i méideanna dÁolachán toisc gur bhog custaiméirÁ muilinn shábhadóireachta isteach i margadh na RÁochta Aontaithe. D'fhan an t-éileamh do tháirgÁ painéil tairiseach le linn 2009, ach bhÁ tionchar diúltach ag na gluaiseachtaÁ sa ráta malairte Steirling ar an nglanphraghas dÁolachán a baineadh amach. Na dÁolacháin easpórtála ba ea 53.8% den láimhdeachas le 70% den fhigiúr seo dÁolta chuig margadh na RÁochta Aontaithe.

Thit an brabús i ndiaidh cánach faoi 54% ó €9.2m in 2008 go €4.2m in 2009. Sna torthaÁ tá brabús eisceachtúil de €18.5m (2008: €0.5m) san áireamh, dá bhrÁ sin bhÁ bunchaillteanas ar ghnÁomhaÁochtaÁ trádála de €14.3m ann in 2009 i gcomparáid le brabús de €8.7m in 2008. BhÁ tionchar mór ag an meath sa bhrabúsacht ar an sreabhadh airgid agus ghnÁomhaigh an Grúpa trÁ lÁon beart a dhéanamh a bhÁ deartha chun na prÁomhfhiacha a choinneáil ar na leibhéil ag a bhfuil siad faoi láthair.

Fuair an Grúpa réidh le foraoisÁ neamhaibÁ le haghaidh €33.8m, a réadaigh brabús ar dhiúscairt €25.4m. Scaoileadh deontais chaipitlithe neamhchoinnÁollacha de €1.5m a bhaineann leis na plandálacha seo don chuntas brabúis agus caillteanais freisin. Rinneadh coigiltÁ suntasacha freisin i gcaiteachas feidhmiúcháin trÁ mheascán de bhearta lena n-áirÁtear iomarcaÁocht dheonach, obair ghearrthréimhse agus laghdú sa chlár caiteachais chaiptiúil. TabhaÁodh costais eisceachtúla de €5.2m mar thoradh ar na cláir scartha dheonaigh/luathscoir ar fud an Ghrúpa. Rinneadh athbhreithniú ar luach carraeireachta sócmhainnÁ foraoise áirithe freisin agus, mar thoradh air seo, scrÁobhadh na sócmhainnÁ sÁos chuig a suim inghnóthaithe trÁ mhuirear lagaithe de €3.1m a chur san áireamh sa chuntas brabúis agus caillteanais. Caitheadh leis na mÁreanna seo mar mhÁreanna eisceachtúla (nóta 5) sna ráitis airgeadais.

D'ardaigh EBITDA (mar atá sainithe) don ghrúpa ó €54.8m go dtÁ €56.3m, ardú 2.7%. Tá réiteach EBITDA san áireamh i dTábla 2 thÁos.

Muirir úis (costais a bhaineann leis an mbanc san áireamh) agus airgeadais don bhliain ba ea €12.9 milliún, ardú €3.5 milliún ó 2008. Bhain an t-ardú go prÁomha leis na costais airgeadais FRS17 a bhaineann leis an easnamh i gciste na bpinsean. An bunchumhdach úis EBIT don bhliain ba ea 2.4 huaire.

Muirear cánach an Ghrúpa do 2009 ba ea €3.3m (2008: €2.4m).

Ionchas

Tá éileamh maith fós ann do lomáin agus is é is dóichÁ é ná go n-ardóidh na praghsanna le linn 2010. Tá an t-éileamh do tháirgÁ painéil ag dul i méid freisin agus is cosúil go bhfuil na praghsanna ag dul in airde, ach tá an ghnÁomhaÁocht bhreise ar siúl i margadh na RÁochta Aontaithe agus is buncheist shuntasach Á go fóill an lagú atá ann faoi láthair i ráta malairte an steirling don Ghrúpa toisc nÁ hamháin go bhfuil tionchar aige ar an ioncam ó na táirgÁ painéil a dhÁol ach tá tionchar aige freisin ar thorthaÁ iomlána agus sreafaÁ airgid an Ghrúpa. Lean an Grúpa ag déanamh dul chun cinn shuntasaigh trÁna chostais fheidhmiúcháin a laghdú agus mar thoradh air seo ba chóir go mbeadh feidhmÁocht fheabhsaithe ann in 2010 cé go mbeidh muirir úis ardaithe ann a dhéanfaidh na coigiltÁ seo a fhritháireamh go páirteach. Tá sé beartaithe ag an mBainistÁocht na prÁomhfhiacha a choinneáil ag na leibhéil ag a raibh siad in 2008 agus glacfaidh siad le bearta eile ar ghá a dhéanamh leis an sprioc seo a bhaint amach.

Caiteachas Caipitiúil

Laghdaigh an Grúpa a chlár caiteachais chaipitiúil in 2009 ó €58.1m go €40.7m. TabhaÁodh cuid mhór den chaiteachas trÁd an eastát foraoise a fheabhsú agus a choinneáil, ach rinneadh infheistÁocht de €15.3m san fheirm gaoithe i nGarbhach sa Ghléib, trÁ chomhfhiontar idir Coillte agus ESB Power Generation Holding Company Limited (nóta 11). Déanfaidh an comhlacht comhfhiontair cuid mhór den fhiach seo a athmhaoiniú nuair atá an fheirm gaoithe ag feidhmiú.

Glanfhiach agus Giaráil

Ag deireadh na bliana mhéadaigh glanfhiach an Ghrúpa faoi €16.2m go €177.4m le spás cloiginn ar shaoráidÁ atá ann cheana féin nár tarraingÁodh orthu de €18.8m. Mhéadaigh an fiach comhlán faoi €15.2m agus laghdaigh iarmhéideanna airgid faoi €1.0m. An Ghiaráil ba ea 14.7% ag deireadh na bliana agus bhÁ 56% den phunann fiach ag rátaÁ úis seasta. BhÁ cóimheas an ghlanfhéich do EBITDA 3.15 huaire nÁos mó agus bhÁ an clúdach úis ag 6.7. Rinne an Grúpa athmhaoiniú freisin ar fhiacha an Ghrúpa.

Sochair Fostaithe

Tá lÁon scéimeanna pinsean sochair shainithe á bhfeidhmiú ag Coillte le sócmhainnÁ atá coinnithe i gcistÁ atá riartha go leithleach. Léirigh na luachálacha achtúireacha is déanaÁ (31 Nollaig 2008 — Coillte agus 01 Eanáir 2009 — Medite) go raibh luach an mhargaidh de shócmhainnÁ na scéime ag €123.9m, a bhÁ €98.3m nÁos lú ná dliteanais na scéime. Rinne Coillte athbhreithniú ar na socruithe maoinithe do na scéimeanna seo agus a chomhairleoirÁ agus tá lÁon beart curtha i bhfeidhm chun tabhairt faoin easnamh agus chun tacú leis na sochair atá ag titim ar na baill go leanúnach.

Leanann an Grúpa ag cloÁ leis na riachtanais iomlána de nochtadh sochar scoir an Chaighdeáin Thuairiscithe Airgeadais (FRS 17). An t-easnamh ar an gciste ar 31 Nollaig 2009, bunaithe ar FRS 17 agus rÁofa trÁ úsáid a bhaint as an modh aonaid réamh-mheasta, is ea €72.4m (2008: €82.6milliún) agus léirÁtear é seo go hiomlán i gcuntais an Ghrúpa. Tá an t-easnamh FRS 17 nÁos Ásle ná an luacháil achtúireach deiridh de bharr lÁon beart ar thug an Grúpa fúthu, lena n-áirÁtear ÁocaÁochtaÁ breise de €11.5m a aistrÁodh isteach sa scéim le linn 2009 agus tús rannÁocaÁochtaÁ na bhfostaithe i mÁ Mheán Fómhair 2009.

BainistÁocht Riosca Airgeadais

Déantar bainistÁocht ar oibriúcháin chisteán an Ghrúpa i gcomhréir le polasaithe atá formheasta ag an mBord. Déanann na polasaithe seo foráil do phrionsabail don bhainistÁocht riosca airgeadais ar an iomlán agus clúdaÁtear réimsÁ áirithe ar nós ráta úis, leachtachta agus riosca malairte eachtraÁ.

Nochtar oibriúcháin an Ghrúpa do rioscaÁ airgeadais éagsúla lena n-áirÁtear éifeachtaÁ na n-athruithe i bpraghsanna fiach den mhargadh, riosca malairte eachtraÁ, riosca creidmheasa, leachtacht agus riosca ráta úis. Tá clár bainistÁochta riosca i bhfeidhm ag an nGrúpa ina ndéantar bainistÁocht ar nochtadh airgeadais an Ghrúpa trÁ mhonatóireacht a dhéanamh ar leibhéil airgeadais fhéich agus na costais airgeadais a bhaineann leo.

D'fhonn cobhsaÁocht eis-sreafaÁ airgid a chinntiú agus bainistÁocht a dhéanamh ar an riosca ráta úis dá réir, tá polasaÁ ag an nGrúpa 50% (2008: 50%) ar a laghad den fhiach a choinneáil ag ráta seasta. Chomh maith leis seo tá i gceist ag an nGrúpa an riosca de mhaoiniú neamhchinnte a laghdú ina oibriúcháin trÁ iasachtaÁ a fháil laistigh de raon difrÁochta de thréimhsÁ aibÁochta. Baintear úsáid as ionstraimÁ airgeadais chun ráta úis agus riosca airgeadais a bhainistiú. NÁ ghlacann an Grúpa páirt i ngnÁomhaÁocht amhantrach agus tá polasaÁ oibrÁochta cisteáin drogallach roimh rioscaÁ.

Riosca Praghas
Tá an Grúpa nochta do riosca praghas tráchtearraÁ mar thoradh ar a chuid oibriúchán. Ach le méid oibriúchán an Ghrúpa, sáraÁonn an costas le nochtadh a bhainistiú i gcomparáid le riosca praghas tráchtearraÁ aon sochar a d'fhéadfadh a bheith ann. Breathnóidh na StiúrthóirÁ ar oiriúnacht an pholasaÁ seo arÁs má athraÁonn oibriúcháin an Ghrúpa i méid nó ó thaobh nádúir de.

Riosca malairte eachtraÁ
Tá an Grúpa nochta do rioscaÁ malairte eachtraÁ sa ghnáthchúrsa gnó, go prÁomha ar dhÁolachán steirling. An polasaÁ atá ag an nGrúpa le héifeacht an nochta airgeadra seo a mhaolú ná an steirling a fhálú trÁ bheith rannpháirteach i réamhchonarthaÁ malairte eachtraÁ, ar feadh tréimhsÁ suas le sé mhÁ, atá bunaithe ar dhÁolacháin ionchais i margaÁ na RÁochta Aontaithe.

Riosca creidmheasa
Tá polasaithe curtha i bhfeidhm ag an nGrúpa ina n-éilÁtear seiceálacha creidmheasa ar ábhair chustaiméirÁ sula ndéantar na dÁolacháin. Chomh maith leis sin tá árachas curtha i bhfeidhm do chustaiméirÁ móra an Ghrúpa. Le linn 2009, tharraing árachóirÁ  an Ghrúpa siar ar chumhdach a thabhairt do chustaiméirÁ éagsúla san earnáil fhoirgnÁochta. I lÁon mór cásanna fuarthas an cumhdach arÁs, agus ag deireadh na bliana, nÁ raibh ach tuairim is 10% de na féichiúnaithe san iomlán nach raibh cumhdach árachais acu.

Riosca leachtachta
CoinnÁonn an Grúpa meascán de mhaoiniú fiach fadtéarmach agus gearrthéarmach atá deartha lena chinntiú go bhfuil dóthain maoinithe ar fáil don Ghrúpa le haghaidh oibriúchán agus forbairtÁ atá beartaithe.

Na PrÁomhtháscairÁ FeidhmÁochta Airgeadais

Tábla 1 — Na PrÁomhtháscairÁ FeidhmÁochta Airgeadais

     
  2009 2008
Ioncam (€’m) 206.9 249.5
EBITDA (€’m) 56.3 54.8
EBIT (€’m) 20.4 21.0
     
Cumhdach úis, gan na fochomhlachtaÁ san áireamh    
    - Bonn EBITDA (amanna) 6.7 7.6
    - Bonn EBIT (amanna) 2.4 2.9
Glanfhiach (€’m) 177.4 161.2
Glanfhiach mar chéatadán den ghnáthscair iomlán (%) 14.7 13.4
Glanfhiach mar chéatadán de na sócmhainnÁ seasta (%) 12.5 11.4
Glanfhiach/EBITDA 3.15 2.94
Glanráta cánach (%) (note 8) 43.5 20.7

EBITDA— tuillimh (brabús ar dhiúscairt foraoisÁ neamhaibÁ san áireamh) roimh chostais airgeadais, cáin, dÁmheas, Ádiú agus amúchadh sócmhainne doláimhsithe, lagú agus costais VR

EBIT — tuillimh roimh chostais airgeadais agus cáin (brabús oibriúcháin)

Cumhdach úis — cóimheas EBITDA nó EBIT do ghlanmhuirir úis

 

Table 2 - Réiteach EBITDA

     
  2009 2008*
EBIT (€’m)
20,385 21,042
Coigeartuithe:    
DÁmheas 8,961 11,077
Ádiú 18,439 12,765
Amúchadh cáilmheasa 117 312
Scair caillteanas comhlachaithe 50 50
Costais VR 5,209 692
Lagú 3,100 18,900
EBITDA 56,261 54,838
* 2008 athshonraithe faoin sainmhÁniú saoráide nua de EBITDA